EOLAS FÚINN FHÉIN

ÁR STAIR

Cuideachta faoi úinéireacht Éireannach is ea ProAir a bhunaigh fear de bhunaidh na Gaillimhe, David McHugh, in 1995 in oifig agus ceardlann bheag i gComar, Co. na Gaillimhe. Tá dhá ionad ann anois; an ardoifig agus an tsaoráid dhéantúsaíochta in Eastát Tionsclaíochta an Phoill Chaoin sa Chaisleán Gearr, agus oifig i mBaile Átha Cliath in Eastát Tionscail Ghrianóige, i Ráth Cúil.

I dtús ama, i bhfad siar i dtús na nóchaidí, is ag plé le seirbhís a bhí ProAir. Bhíodh iarratais ag teacht isteach ag lorg réitigh aerála níos fearr agus ba í an aeráil aisghabhála teasa an réiteach ba shoiléire. Chuir sé sin dlús leis an bhforbairt ar réimse ProAir chun é a bheith mar atá sé anois.

In 2004, sular tháinig an ProAir a bhfuil aithne againn anois air, táirgeadh na chéad aonaid as plaisteach múnlaithe agus suiteáladh iad i dtithe na gcustaiméirí. Tugadh an PA600 ar an aonad sin. An bhliain dar gcionn, forbraíodh leagan níos lú de, an PA300, le cur i suiteálacha níos lú.

Rinneadh uasghrádú ar na haonaid in 2011/12 agus úsáid á bhaint as poileitiléin fhorbartha, ábhar a bhfuil an-insliú ann, atá fuaim-fhriotaíoch, láidir agus éasca a oibriú.

Mar thoradh ar an éileamh náisiúnta a bhí ar an réimse nuálach de na Córais ProAir, osclaíodh oifig i mBaile Átha Cliath chun go mbeadh sé níos éasca freastal ar an lorg náisiúnta atá buanaithe anois.

In 2016, tar éis cuid mhór tástála agus buanseasmhachta, ghnóthaigh an PA600 PLI an marc gradamúil de theistiúchán Passivhaus.

In 2018, bhí bród orainn nuair a táirgeadh an 5000ú aonad HRV dár gcuid anseo ag ár saoráid nua sa Chaisleán Gearr i nGaillimh mar aon lenár n-aonad PA600LI a bhí athchóirithe as an nua.

Tá ProAir ag tnúth go mór a bheith ag oibriú go dlúth leatsa, an custaiméir, ní amháin chun an réiteach is fearr a fháil ar do riachtanas ach freisin chun cur leis an eacnamaíocht áitiúil agus náisiúnta le poist déantúsaíochta Éireannacha.

TEACHTAIREACHT ÓNAR POF – DAVID MCHUGH

Déanann muid seirbhísiú ar na nithe a dhíolann muid. Mar gheall ar ár gcúlra i dtionscal na seirbhísí, tá an-tuiscint againn ar riachtanais ár gcustaiméirí, bíodh siad ina n-úinéirí tí, ina dtógálaithe nó ina bhforbróirí. Is féidir leis an úsáideoir deiridh a bheith cinnte go n-oibreoidh a gcóras HRV go ciúin sa chúlra, a gcoinneáil sláintiúil agus compordach ina spás príobháideach ar fhuinneamh an-íseal.

Is féidir le cliaint tógála / forbartha a bheith sásta go dtuigeann a gcustaiméirí agus go mbeidh meas acu ar an gcóras luachmhar a bheidh curtha ar fáil dóibh agus leis an bpróiseas iardhíola a bheidh i bhfearas ní bheidh gá dóibh a bheith ag súil go deo le haon ghearán faoi timpeallacht taobh istigh.

Is amhlaidh a bheidh an cás, mar go mbeidh an córas deartha go sainiúil don iarratas, beidh sé suiteáilte go gairmiúil agus cothabháil á dhéanamh air go dúthrachtach.  Is í an tseirbhís ó cheann ceann seo a fhágann go bhfuil ProAir uathúil i measc dhéantóirí na n-aonad seo.

Tá sé i gceist againn cloí leis an leibhéal fócais sin ar ár gcustaiméirí agus muid ag fás sna blianta atá romhainn, ag leathnú an ghrúpa mór cairde (custaiméirí) atá againn ar fud na hÉireann, sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip.

Irish Innovation in Indoor Air – Design • Supply • Install • Service

Get in Touch

Scroll to Top